Skip to main content
Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

An Tolg Liteartha

Wednesday 4th October, 2023 - 19:00

Free event
Book Now

Mórimeacht liteartha na Gaeilge ag a gcuirfidh an sárchraoltóir, Tristan Rosenstock (RTÉ), agallamh ar bhuaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2023 – Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg); Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta); agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

Mar chuid den ócáid, labhróidh Tristan leis na criticeoirí an Dr. Liam Mac Amhlaigh & an tOllamh Tríona Ní Shíocháin (NUIM) maidir leis na leabhair buacacha agus cúrsaí litríochta na Gaeilge trí chéile.

Arna eagrú ag Leabharlanna Chill Dara i gcomhpháirt le hOllscoil Mhá Nuad, An tOireachtas agus RTÉ.

 

Dr Liam Mac Amhlaigh

Léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

Scoláire nualitríochta agus foclóireachta é an Dr Liam Mac Amhlaigh atá ina léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide is ea é. Ar na suimeanna taighde atá aige, áirítear litríocht chomhaimseartha na Gaeilge (go háirithe an nuafhilíocht), foclóireacht na Nua-Ghaeilge, léann digiteach na Gaeilge agus stair theanga na Gaeilge san fhichiú haois. Tá mórán foilsithe aige sna réimsí sin, idir leabhair agus ailt.

 

Tristan Rosenstock

Is file, drámadóir, údar agus aistritheoir é Tristan Rosenstock. Bhain sé céim amach sa Nua & Luath-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide agus ina dhiaidh sin ghnóthaigh sé céim MA i gCúrsaí Teilifíse & Scannán i gColáiste Chathair Bhaile Átha Cliath. Blianta caite aige mar chraoltóir teilifíse agus raidió. Bhuaigh clár ómóis do Seamus Heaney a chuir sé i láthair duais IFTA agus bhuaigh clár raidió faoi shaothar Gaeilge Bhreandán Uí Bheacháin a léirigh sé duais PPI. Léirigh sé ceirnín filíochta dar teideal Fuil ar an Rós a bhí mar chuid de chomóradh 1916. Tá an domhan siúlta aige i dteannta an ghrúpa Téada. Tá sé ag obair anois mar Eagarthóir liteartha ar Comhar.

 

An tOllamh Tríona Ní Shíocháin

Ceoltóir, amhránaí agus scoláire idirdhisciplíneach is ea an tOllamh Tríona Ní Shíocháin go bhfuil suim ar leithligh aici i dtaibhealaíona agus i dtraidisiúin bhéil na Gaelainne, sa cheol traidisiúnta, sa chleachtas cruthaitheach, i mbanfhilí na Gaelainne, agus i stair na smaointeoireachta mar a léirítear dúinn í in amhránaíocht agus i bhfilíocht na Gaelainne. Ceapadh í ina hOllamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona in Ollscoil Mhá Nuad in 2021. Roimis sin do bhí sí ina Ceann Roinne agus ina Léachtóir le Ceol Gaelach i Roinn an Cheoil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus roimis sin arís do bhí sí ina Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh, áit inar chaith sí roinnt blianta mar Cheann Léann na Gaeilge. Do foilsíodh Bláth ’s Craobh na nÚdar: Amhráin Mháire Bhuí (2012) léi;  in 2018, Singing Ideas: Performance, Politics, and Oral Poetry (Berghahn, 2018), agus in 2019 do foilsíodh cnuasach aistí dar teideal Ní Insint Dán ach Bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh (An Sagart, Foilsitheoirí)  i gcomhpháirt leis an Dr. Ríona Ní Churtáin, UCC. Tá saineolas ar leithligh ag Tríona i Léann an Taibhléirithe, agus tá suim mhór aici i gcleachtais chruthaitheacha na béalaireachta agus i bhforbairt an taighde ealaíonta sa Ghaelainn.

Details

Date:
Wednesday 4th October, 2023
Time:
19:00
Cost:
Free event
Event Categories:
,
Website:
https://riverbank.ticketsolve.com/shows/873638126/events

Organiser

Riverbank Arts Centre Auditorium
Phone
+35345448327
Email
boxoffice@riverbank.ie
View Organiser Website

Venue

Riverbank Arts Centre
Main Street
Newbridge, Ireland
+ Google Map
Phone
045 448327
View Venue Website